Biodiversity Project

Biodiversity Projetc

Biodiversity Project

Dear Customers,

With COVID measures easing, and having gotten an inch of rain in the last week, we are more at ease and thinking about long term projects. Our biodiversity focus for 2020 is extra wide verges with long grasses around the farm, plenty of food and habitat for insects and birds and as much wildflowers as possible. Its hard getting the balance right between taking from the soil and giving back to the wildlife. A recent advisor ” The Bee Guy” told us that if we just take the pathways that we need in the fields and leave the rest to nature instead of leaving a small area to go wild and cut the rest back, it will make a big difference. Our autopilot response is to see wild areas as unkempt or neglected, untidy and irresponsible, however we now realise that those areas provide super habitats to all sorts of wildlife. Keep ordering your veg boxes and help us to keep progressing in our project to have a nature reserve on our farm. Pictured is our front field last week with marigold/calendula, phacelia and crimson clover ( not in flower yet).

A Chustaiméirí dile, agus na bearta maidir le COVID á maolú, agus ó tharla go bhfuaireamar orlach báistí an tseachtain seo caite, táimid níos mó ar ár suaimhneas anois agus muid ag smaoineamh faoi thograí níos fadtéarmaí. Maidir leis an mbithéagsúlacht don bhliain 2020, táimid ag díriú ar chiumhaiseanna níos leithne fós a chruthú ina mbeidh féar fada ag fás agus a chuirfidh neart cothaithe agus gnáthóg ar fáil d’fheithidí agus d’éin agus ina mbeidh an oiread bláthanna fiáine agus is féidir ag fás. Ní éasca atá sé an chothromaíocht cheart a fháil idir a bheith ag baint ár gcuid ón gcré agus a bheith ag tabhairt ar ais don fhiadhúlra. Is éard a dúirt ár gcomhairleoir, “Fear na mBeach”, linn le gairid, ná go ndéanfadh sé difear mór dá bhfágfadh muid gach áit ach na cosáin a bhí ag teastáil uainn sna goirt fiáin agus faoi chúram an dúlra féin seachas áit bheag amháin a fhágáil fiáin agus an chuid eile a ghearradh siar. Táimid ar fad den tuairim, gan smaoineamh, go bhfuil na háiteanna fiáine míshlachtmhar, go bhfuil neamhaird déanta orthu, go bhfuil siad trí chéile agus mí-aireach ach tuigimid anois go gcuireann áiteanna mar sin gnáthóga iontacha ar fáil don fhiadhúlra. Coinnigh ort ag ordú do bhoscaí glasraí agus trí sin cuideoidh tú linn dul chun cinn a dhéanamh maidir lenár dtogra, anaclann dúlra a bheith againn ar ár bhfeirm. Ár ngort chun tosaigh an tseachtain seo caite ina bhfuil an lus buí/calendula, faicéilia agus seamair chorcairdhearg (nach bhfuil faoi bhláth fós) ag fás

SHARE THIS POST